Postgraduate Supervisor Report(Irish version)

Scéim Scoláireachtaí Iarchéime Rialtas na hÉireann

Tuarascáil Faoi Rún ar Dhul Chun Cinn ón Maoirseoir

A shonraíonn dul chun cinn suas go dtí 31 Nollaig 2011

  • Tá an-mheas ag an gComhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta (CTDES) ar an ról tábhachtach a d'aontaigh tú a chomhlíonadh, is é sin tacaíocht agus treoir a thabhairt do Scoláire Taighde Rialtas na hÉireann.
  • Leagann an Chomhairle tábhacht ar leith ar roinnt gnéithe den ról atá agat mar mhaoirseoir agus moltar go ndéanfar na réimsí seo a mheas go cuí agus tuarascáil an Mhaoirseora á comhlánú agat. Iarrtar ort go háirithe an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a dhoiciméadú agus an cumas atá ann an chéim taighde a thabhairt chun críche go rathúil ar shlí nithiúil chuimsitheach.
  • Iarrann an Chomhairle Taighde ort dul i gcomhairle leis an Scoláire sula scríobhann tú an tuarascáil seo.
  • Tá tuarascáil ina léirítear dul chun cinn sásúil ag teastáil chun leanúint leis an Scoláireacht. Déanfaidh painéal arna cheapadh ag an gComhairle athbhreithniú ar do thuarascáil agus ar an tuarascáil ón Scoláire. Tá an Chomhairle Taighde tar éis Coiste Athbhreithnithe a thionól ar a bhfuil raon saineolaithe disciplíneacha chun comhairle a chur uirthi maidir le Scoláireachtaí Rialtas na hÉireann a athnuachan. Is dlúthchuid den mheastóireacht a dhéanann an Coiste Athbhreithnithe ar an Scoláire í do thuarascáil. Má mheastar go bhfuil na tuarascálacha míshásúil féadfar deireadh a chur leis an scoláireacht nó féadfar í a reo.
  • I gcás go ndéantar cómhaoirsiú ar scoláire, iarrtar ar an mbeirt mhaoirseoirí tuarascáil a chur isteach.
  • Bain úsáid as an teimpléad atá curtha ar fáil le do thoil. Seolfar tuarascálacha a chuirtear i láthair i bhformáid eile seachas mar atá leagtha amach sa teimpléad seo ar ais agus ní dhéanfaidh Coiste Athbhreithnithe Scoláireachtaí Iarchéime CTDES athbhreithniú orthu. D'fhéadfaí an scoláireacht a chur ar fionraí i gcás scoláirí nach gcloíonn leis an méid seo.
  • Ná hiarr síneadh ar an gcistiú don scoláire i do thuarascáil le do thoil. Bíonn scoláirí incháilithe le haghaidh cistiú trí bliana ar a mhéad ag brath ar an dáta a cláraíodh é/í den chéad uair, ar an gcineál céime agus ar bhliain an chistithe ón CTDES.
  • Seol isteach do thuarascáil le do thoil chuig schemes@irchss.ie roimh 4 i.n. Dé Luain an 16 Eanáir 201

    Tuarascáil an Mhaoirseora




    Dearbhaím go bhfuil na sonraí thuas cruinn agus go bhfuil tuarascáil ar dhul chun cinn an scoláire léite agam agus dearbhaím í a bheith cruinn:

    Sínithe: ____________________________________ Dáta: ____________________

    N.B. Má chlóscríobhann tú d'ainm beidh sé sin lán chomh ceangailteach is a bheadh do shíniú.