About Us
About IRCHSS (Gaeilge)
Bhunaigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta a bhí ann ag an am, an tUasal Micheál Martin T.D., an Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta (IRCHSS) in 2000 mar fhreagra ar an ngá cumas taighde agus bonn scileanna na hÉireann a fhorbairt i dtimpeallacht dhomhanda atá ag síorathrú agus ina bhfuil eolas lárnach ó thaobh fás geilleagrach agus sóisialta de. Le tacaíocht ón bPlean Forbartha Náisiúnta, maoiníonn an IRCHSS taighde ceannródaíoch sa léann daonna, sna heolaíochtaí sóisialta, i ngnó agus i ndlí agus cuspóir aici eolas agus saineolas nua a chruthú a rachaidh chun leasa fhorbairt shóisialta agus chultúrtha na hÉireann. Leithdháil an Roinn Oideachais agus Scileanna buiséad €10.4 milliún don Chomhairle Taighde i gcomhair 2011.
Tá athrú iomlán déanta ag an IRCHSS ar an tírdhreach taighde in Éirinn trí thacaíocht a chur ar fáil do thaighdeoirí luathchéime agus iardhochtúireachta chomh maith le hacadóirí sinsearacha a gcuireann a gcuid taighde le folláine shóisialta, chultúrtha agus gheilleagrach na hÉireann i gcoitinne. Le maoiniú IRCHSS tugadh aghaidh ar fhadhbanna maidir le rátaí chur i gcrích fhada agus luathfhágáil an chláir trí thacaíocht mharthanach a chur ar fáil do thaighdeoirí agus proifisiúnú a dhéanamh ar fhoirmiú PhD. Níos tábhachtaí fós, cuireann an Chomhairle tacaíocht ar fáil do mhúinteoireacht atá bunaithe ar thaighde, rud a aithnítear go forleathan anois mar ghné lárnach de chóras ardoideachais rathúil. Seasann IRCHSS do thionscnamh maoinithe suntasach a chuireann le seasamh na hÉireann mar gheilleagar ard-scileanna, a choinníonn an tallann atá sa tír agus a chothaíonn ár seasamh i réimse taighde na hEorpa.
Scéimeanna Maoinithe
Bainistíonn IRCHSS sraith scéimeanna taighde atá nasctha lena chéile agus a chuireann maoiniú ar fáil do mhic léinn ag céimeanna éagsúla ina ngairm, ó staidéar iarchéime go dámhachtainí bunaithe ar thionscadail thaighde shinsearacha. I gcás taighdeoirí luathchéime, cuimsítear orthu sin Scoláireachtaí Iarchéime Rialtas na hÉireann agus Scoláireachtaí Iardhochtúireachta Rialtas na hÉireann, a mhaoiníonn taighde ag leibhéil réamhdhochtúireachta agus iardhochtúireachta, agus an Scéim um Thionscnamh Forbartha Taighde, a chuireann ar chumas taighdeoirí agus foirne taighdeoirí leathnú amach chuig réimsí taighde nua trí dheontais spreagthacha do thionscadail agus do thionscnaimh um aistriú eolais. I gcás acadóirí fadbhunaithe cuireann Comhaltachtaí Taighde Rialtas na hÉireann agus Comhaltachtaí Sinsearacha Taighde Rialtas na hÉireann deiseanna taighde ar fáil do bhaill den fhoireann acadúil ag institiúidí ardoideachais aitheanta chun tabhairt faoi thionscadail luaite. Déanann Scéim Deontais Rialtas na hÉireann do Thionscadail Thaighde maoiniú ar thaighde nuálach den scoth a dhéantar ar bhonn tionscadal grúpa nó leathnaithe. Déanann an IRCHSS bainistiú agus monatóireacht ar na dámhachtainí uile a mhaoinítear faoi na scéimeanna seo ar bhonn débhliantúil.
Rinne an IRCHSS bainistiú ar mhaoiniú taighde thar ceann roinnt gníomhaireachtaí agus Ranna Rialtais. Ina measc seo tá Roinn an Taoisigh, an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, Clár FSS um Thoirchis Ghéarchéime, an tÚdarás Náisiúnta Míchumais, an Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh, An Rannóg Cuimsithe Sóisialta den Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Bhain na gníomhaireachtaí agus na Ranna seo úsáid as saineolas IRCHSS chun deiseanna taighde maoinithe a chur chun cinn, chun luacháil a dhéanamh ar thograí taighde trí athbhreithniú piaraí neamhspleách, idirnáisiúnta (i gcásanna áirithe, déantar é sin i gcomhar le gníomhaíochtaí luachála agus athbhreithnithe reatha IRCHSS) agus chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le taighde, cloí le téarmaí agus coinníollacha agus bainistiú an bhuiséid. Cuireann sé sin ar chumas na gcomhlachtaí sin rochtain a fháil ar thaighde d'ardchaighdeán, bunúsach agus feidhmeach araon, agus a gcaidreamh comhoibritheach fadtéarmach le pobal taighde na hÉireann a fheabhsú. Buntáiste eile atá ann don IRCHSS ná deiseanna feabhsaithe a thabhairt do thaighdeoirí sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta.
Comhoibriú Idirnáisiúnta IRCHSS
Is ag IRCHSS atá an ról mar Thoscaire Náisiúnta agus mar Phointe Teagmhála Náisiúnta i gcomhair téama 8 den Chlár um Chomhoibriú faoi Chreatchlár 7 (FP7) agus an Pointe Teagmhála Náisiúnta do Chomhairle Taighde na hEorpa, a chuimsíonn réimsí na heolaíochtaí socheacnamaíocha agus an léinn dhaonna. Is é an tUasal Tim Conlon (Stiúrthóir Feidhmeach IRCHSS) an Toscaire Náisiúnta agus is í an tUasal Sorcha Carthy (Oifigeach na dTionscadal Eorpach IRCHSS) an Pointe Teagmhála Náisiúnta. Ó cuireadh tús le FP7 in 2007, tá €6m i maoiniú ón AE faighte ag taighdeoirí sa Léann Daonna agus sna hEolaíochtaí Sóisialta in Éirinn laistigh den dá chlár seo a bhaineann go sainiúil leis an Léann Daonna agus na hEolaíochtaí Sóisialta, chomh maith leis an rannpháirtíocht i dtaighde sna hábhair seo i réimsí eile FP7 amhail TCF, Marie Curie agus na cláir bhonneagair.
Tá IRCHSS ina hiarratasóir agus rannpháirtí ghníomhach in go leor clár FP7 arna mbunú chun soghluaisteacht taighdeoirí agus comhthionscnaimh de chomhairlí taighde a éascú. Tá rochtain ag foirne taighde in Éirinn ar mhaoiniú ón AE atá imfhálaithe trí bhallraíocht in IRCHSS. Tá IRCHSS ina comhordaitheoir agus rannpháirteach i gceithre thionscnamh taighde FP7 faoi láthair:
- COMHCHISTE MARIE CURIE: In 2009, bronnadh €2.7 milliún de mhaoiniú FP7 ar IRCHSS faoi CHOMHCHISTE Marie Curie chun a scéim CARA a chur i bhfeidhm. Tá an scéim CARA nasctha le Comhaltacht Iardhochtúireachta Rialtas na hÉireann agus cuireann sé an deis ar fáil do chúig taighdeoir is fiche atá i dtús a ngairm bheatha staidéar a dhéanamh ag óstinstitiúid idirnáisiúnta in aon áit sa domhan, agus céim athimeasctha in ostinstitiúid in Éirinn ina dhiaidh sin. In 2009/10 agus 2010/11, bhronn an IRCHSS cúig chomhaltacht CARA is fiche.
- NORFACE: Is comhpháirtíocht idir ceithre cinn déag de chomhairlí taighde sna heolaíochtaí sóisialta ar fud na hEorpa é New Opportunities for Research Funding Agency Cooperation in Europe (NORFACE) a bunaíodh in 2004, nuair a rinne an líonra tairiscint rathúil ar dhámhachtain FP6 chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí. Tá foirne taighde in Éirinn ag glacadh páirte in 5 cinn de na tionscadail thaighde arna maoiniú ag NORFACE. Tuilleadh eolais: www.norface.org/
- HERA: Is comhpháirtíocht de 21 comhairle taighde ar fud na hEorpa agus Fondúireacht Eolaíochta na hEorpa (FEE) é an Léann Daonna sa Limistéar Eorpach Taighde (Humanities in the European Research Area - HERA) a bunaíodh in 2005. In 2009, sheol HERA an chéad Chomhchlár Taighde (HERA JRP) agus tá maoiniú á dhéanamh aige faoi láthair ar 19 thionscadal trasnáisiúnta faoi dhá théama "Dinimic Cultúir: Oidhreacht agus Aitheantas" (Cultural Dynamics: Inheritance and Identity) agus "an Léann Daonna mar Fhoinse Cruthaitheachta agus Nuálaíochta" (Humanities as a Source of Creativity and Innovation". Seolfaidh HERA an dara Comhchlár Taighde HERA go luath in 2012 faoin téama "Teagmhálacha Cultúrtha" (Cultural Encounters). Déanfaidh an clár taighde maoiniú ar thionscadail nua, spreagúla atá bunaithe ar an léann daonna ina mbeidh triúr mac léinn nó níos mó páirteach agus iad lonnaithe sna tíortha rannpháirteacha HERA JRP. Tá IRCHSS ina comhordaitheoir ar an Líonra HERA don tréimhse 2010-12. Tuilleadh eolais: www.heranet.info/
- NET4SOCIETY: is líonra idirnáisiúnta é seo de Phointí Teagmhála Náisiúnta i gcomhair an Léinn Dhaonna agus na hEolaíochtaí Socheacnamaíochta san FP7. Is líonra foghlama é NET4SOCIETY trína bhfaigheann Pointe Teagmhála Náisiúnta i gcomhair an Léinn Dhaonna agus na hEolaíochtaí Socheacnamaíochta IRCHSS rochtain iomlán agus éasca ar na huirlisí riachtanacha uile chun cur ar a gcumas tacú le taighdeoirí sa Léann Daonna agus sna hEolaíochtaí Socheacnamaíochta i bpróiseas ullmhúcháin tograí FP7. Tá maoiniú €0.2 milliún bronnta ar IRCHSS faoi FP7 chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí NET4SOCIETY. Tuilleadh eolais: www.net4society.eu/
Bonneagair Thaighde
Tá urraíocht á dhéanamh ag IRCHSS i láthair na huaire ar dhá bhonneagar taighde sa Léann Daonna agus na hEolaíochtaí Sóisialta ar an treochlár don Fhóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Taighde - Bonneagar Taighde Digiteach sna hEalaíona agus sa Léann Daonna (Digital Research Infrastructures in the Arts and Humanities - DARIAH) agus Suirbhé Sóisialta na hEorpa (European Social Survey (ESS):
- DARIAH: Is é DARIAH an bonneagar taighde digiteach a cheanglóidh cartlanna agus taisclanna sonraí saoithiúla le hoidhreacht chultúrtha don léann daonna agus do na healaíona ar fud na hEorpa. Mar chuid de rannpháirtíocht IRCHSS sa deontas, cuireann sí go mór le treo straitéiseach an bhonneagair. Tá coiste stiúrtha náisiúnta de phríomhpháirtithe leasmhara (acadúil, teicneolaíochta, cultúir, beartais agus tráchtála) bunaithe chun tacú leis an obair atá ar siúl ag DARIAH in Éirinn. Tuilleadh eolais: www.dariah.eu/
- ESS: Is suirbhé sóisialta acadúil é ESS a bhfuil sé d'aidhm aige an t-idirghníomhú idir institiúidí athraitheacha uile na hEorpa agus dearcthaí, tuairimí agus patrúin iompair a dhaonraí éagsúla a thaifeadadh agus a mhíniú. Is é an príomhaidhm fadtéarmach atá ag an tionscadal ná an t-idirghníomhú idir institiúidí athraitheacha uile na hEorpa, a struchtúir pholaitiúla agus gheilleagracha agus dearcthaí, tuairimí agus patrúin iompair a dhaonraí éagsúla a thaifeadadh agus a mhíniú. Ceapann IRCHSS comhordaitheoir náisiúnta chun maoirsiú a dhéanamh ar an suirbhé agus é a chur i bhfeidhm, chun tacú le hobair ESS in Éirinn. Tuilleadh eolais: www.europeansocialsurvey.org/
Ballraíocht
Tá IRCHSS ina comhalta d'Fhondúireacht Eolaíochta na hEorpa (FEE) agus Science Europe:
- FEE: Tá IRCHSS ina comhalta de FEE ó 2000 i leith. Tá roinnt tionscnamh maoinithe taighde ag FEE i láthair na huaire agus tá IRCHSS ag cur maoinithe agus tacaíochta ar fáil faoi láthair do thaighdeoirí atá bunaithe in institiúidí ardoideachais na hÉireann chun páirt a ghlacadh i roinnt Cláir Líonraithe Taighde agus Cláir Taighde Chomhoibritheacha. Cuireann an tacaíocht ó na tionscnaimh sin ar chumas taighdeoirí in Éirinn líonraí comhoibritheacha a chruthú le taighdeoirí ar fud na hEorpa.Tuilleadh eolais: www.esf.org/
- ScienceEurope: Is comhghrúpa de chuid Eagraíochtaí Maoinithe Taighde na hEorpa (Research Funding Organisations) agus Eagraíochtaí Taighde na hEorpa (Research Performing Organisations) é Science Europe, a bunaíodh in 2011. Déanann Science Europe comhleasa Eagraíochtaí Maoinithe Taighde agus Eagraíochtaí Taighde na hEorpa a chur chun cinn. Tacaíonn sé leis na balleagraíochtaí ina n-iarrachtaí taighde Eorpach a chothú. Láidreoidh sé an Limistéar Eorpach Taighde trí dhul i ngleic go díreach le comhpháirtithe lárnacha. Fágfaidh sé seo go mbeidh tionchar á imirt ag rannpháirtíocht dhíreach ó na pobail eolaíochta go léir ar a thuairimí maidir le beartais, tosaíochtaí agus straitéisí. Tuilleadh eolais: www.scienceeurope.org/
News & Events
IRCHSS/Family Support Agency Growing Up in Ireland Awareness School
IRCHSS/Family Support Agency Growing Up in Ireland Awareness School is now open.
Please...
Postgraduate Scholarship 2012-13
The Irish Research Council for Humanities and Social Sciences has launched the 2012-2013 round...
Featured Titles
Niamh Moore: Dublin Docklands Reinvented
Dublin Docklands Reinvented: The post-industrial regeneration of a European city quarter (Four Courts Press, 2008)
Over the last twenty years, the redevelopment of the docklands...


